Machnamh – Breathnú Fada Grámhar ar an Réaltacht

Táimid ag faire amach do radharcanna Dé timpeall orainn, agus déanaimid iarracht an bheatha dhiaga a aimsiú i gcroílár na réaltachta. Níor fhág Iognáid aon riail mhionsonraithe faoi cé mhéad paidir ba chóir dá lucht leanúna a dhéanamh. Ina áit sin, d’iarr sé orainn Dia a choinneáil os comhair ár súl i gcónaí. Is machnamh i mbun gnímh é seo. Is ordú trom é, ach tá a fhios againn cad é mar atá sé rud éigin a dhéanamh, bíodh sé taitneamhach nó míthaitneamhach, agus duine eile inár n-intinn. Tháinig mé trasna ar imircigh ag obair i mianaigh diamant na hAfraice Theas. D’fhulaing siad uaireanta fada i ndoimhneacht na talún chun airgead a sheoladh abhaile chuig a dteaghlaigh.
Tá cur síos déanta ar machnamh mar ‘fhéachaint fhada ghrámhar ar an réaltacht’. Seo mar a fhéachann Dia ar ár ndomhan. Ansin ‘tosaíonn’ Dia agus déanann sé idirghabháil ar ár son. Sa chiall seo, is é Dia AN ‘machnamhach i mbun gnímh’. Mar sin atá Íosa, ar ndóigh. Guíonn sé, oibríonn sé, fulaingtíonn sé, ach i gcónaí i láthair a Athar. Tá croí géarchúiseach aige, agus is é sin an fáth gur féidir leis a rá, ‘Déanaim i gcónaí an rud is toil leis’ (Eoin 8:29). Mar a chompánaigh, déanaimid iarracht aithris a dhéanamh air. Ní timpiste é gur theastaigh ó na chéad Íosánaigh go mbeadh aithne orthu mar ‘compánaigh Íosa’.

Brian Grogan SJ, Finding God in All Things