Maidir le Sacred Space

Tá Sacred Space spreagtha ag spioradáltacht Iognáid Loyola, Bascach a bhí beo san séú céad déag, a bhfuil cabhair faighte ag líon daoine nach féidir a áireamh óna thuiscint ar obair Dé san croí daonna síos tríd na céadta agus atá níos cabhraí ná riamh inniu.

Is ministreacht de chuid na nÍosánach Éireannach é Sacred Space . Tháinig an suíomh ó oifigí Ionad Cumarsáide na nÍosánach in Éirinn i 1999. Tá sé tar éis fás ina aspaldacht domhanda ar líne don urnaí laethúil ón am sin, agus cuireann sé urnaí ar fáil anois i thart ar 15 teanga eile.

D’fhéadfadh sé a bheith aisteach ag guí ar do ríomhaire, os comhair scáileáin nó ag baint úsáide as d’fhón cliste, go háirithe má tá daoine eile mórthimpeall ort, nó fuaimeanna a tharraingíonn aird. Ach bíonn Dia i ngach áit, timpeall orainn, i gcónaí ag síneadh amach chugainn, fiú sna hionad is neamhghnáiche. Nuair atá a fhios againn seo, agus le beagán cleachtaidh, is féidir linn guí áit ar bith!

Cuirimid urnaí laethúil ar fáil ar ár suíomh chun tú a threorú trí sheisiún urnaí, i sé chéim, lena n-áirítear do chorp agus d’intinn a ullmhú, agus ag críochnú le machnamh ar Shoiscéal an lae de réir féilire liotúirgeach na gCaitliceach Rómhánach. Is iad na céimeanna:

Láithreacht Dé
Saoirse
Comhfhios
An Briathar
Comhrá
Conclúid

Is fiú a thabhairt faoi deara go leanaimid féilire liotúirgeach na hÉireann a d’fhéadfadh a bheith difriúil uaireanta ó na féilirí liotúirgeacha a úsáidtear i dtíortha eile. Tá súil againn amach anseo rogha féilirí liotúirgeacha a sholáthar ag brath ar do shuíomh agus ar do rogha féin.

Acmhainn eile a d’fhéadfadh gur mhaith leat a úsáid ná ár leathanach Living Space . Anseo gheobhaidh tú tráchtaireacht ar na léamha laethúla agus ar na léamha Domhnaigh i rith bhliain na hEaglaise. Ar dtús, ba é seo saothar an Athar. Frank Doyle, SJ a fuair bás in 2011. Tá eagartóireacht agus nuashonrú dhéanamh i gcónaí, ach níl tráchtaireachtaí nua á bpostáil faoi láthair, agus ó am go chéile, tá lá gan tráchtaireacht ar fáil. Is féidir an cnuasach Living Space a chuardach le haghaidh tráchtaireachtaí ar léamha áirithe scrioptúr agus naoimh. Is féidir an cnuasach a chuardach freisin de réir Soiscéal ( Matha , Marcas , Lúcás agus Eoin ), de réir Dhomhnach na Bliana nó de réir Naomh de réir Míosa. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an láithreán á nuashonrú agus á athbhreithniú maidir le feidhmiúlacht.

Gach mí cuireann an Pápa rún paidreoireachta faoi bhráid a Líonra Urnaí Domhanda, Aspalacht na hUrnaí. Cuirtear na rúin seo, a chuireann in iúl mian an Phápa don chine daonna agus do mhisean na hEaglaise, ar fáil in éineacht le paidir maidin agus tráthnóna. Tabhair cuairt ar an leathanach Aspaldacht na hUrnaí más mian leat a bheith páirteach le go leor daoine eile ag guí ar son rún an Phápa.

ach seachtain cuirimid Rud le Smaoineamh agus Guí Faoin tSeachtain Seo ar ár leathanach baile. De ghnáth is sliocht é seo a tógadh as leabhar ar spioradáltacht Ignáideach, arna fhoilsiú ag Messengers Publications. Tá súil againn go mbeidh sé seo mar fhoinse spreagtha agus inspioráide duit.

Ag caint ar leabhair, foilsímid Leabhar Urnaí Sacred Space gach bliain , a chuimsíonn na léamha laethúla Soiscéalta go léir mar aon leis na Pointí Inspioráide a théann leo. D’éirigh thar barr leis seo i gcónaí agus measann roinnt daoine gur formáid níos fearr é seo le húsáid chun urnaí. Déanaimid dhá leabhar níos lú a tháirgeadh freisin, ceann don Charghas & don Cháisc agus an ceann eile don Aidbhint & don Nollaig, agus is bronntanais áille iad atá an-éadrom agus éasca le tabhairt timpeall. Is féidir ár gcuid leabhar ar fad a fháil ar ár leathanach leabhar Sacred Space .

Feidhmchláir

Más fearr leat Sacred Space a úsáid ar d’fhón nó nuair atá tú ar siúl, íoslódáil an aip tríd an nasc seo a leanúint: Sacred Space Apps

Naomh Iognáid Loyola

Féachtar ar Naomh Iognáid, Bascach ón 15ú hAois mar bhunaitheoir na nÍosánach agus athair spioradáltacht Iognáideach, ar a bhfuil an suíomh Gréasáin seo bunaithe. Léigh tuilleadh mar gheall air anseo: Naomh Iognáid Loyola

Noibhéiní agus Cúrsaí Spioradálta

Cuirimid cúrsaí spioradálta ar fáil ó am go chéile, go háirithe le linn shéasúir an Charghais agus na hAidbhinte, agus nuair a bhíonn siad ar fáil, is féidir iad a aimsiú anseo: cúrsaí spioradálta

Cuirimid nóibhéine ar fáil ó am go chéile freisin chun tacú leat i do shaol urnaí, agus is féidir leat iad a rochtain nuair a bhíonn siad ar fáil ar an leathanach seo: Nóibheiní

Is foirm urnaí é nóibhéine a ghuítear thar 9 lá, le haghaidh rúin agus achainíocha speisialta.

Conas is Féidir Leat Cabhrú Linn

Má bhraitheann tú gur bhain tú leas as an suíomh agus gur mhaith leat do mheas a léiriú, is féidir leat tabhairtais a dhéanamh i dtreo ár gcostas reatha. Tá fáilte mhór roimh do chabhair. Déanann tabhartais difríocht ollmhór dúinn maidir le cáilíocht agus seasmhacht ár seirbhíse. Cé go mbímid ag brath go mór ar obair na n-oibrithe deonacha, cabhraíonn síntiúis linn an costas leanúnach a bhaineann le forbairt TF, aistriúchán, eagarthóireacht, riarachán agus cur chun cinn Sacred Space a chlúdach. Glacaimid le síntiúis ar bhealaí agus airgeadraí éagsúla. Is féidir leat síntiús a dhéanamh le cárta creidmheasa/PayPal. Tá an rogha agat freisin seic a sheoladh chugainn nó aistriú bainc a dhéanamh.

Ní cúnamh airgeadais é an cúnamh go léir a theastaíonn uainn – tá bealaí luachmhara eile ann inar féidir leat cabhrú agus tacú lenár gcuid oibre:

Inis do do chairde faoi Sacred Space

Is é scéala ó bhéal go béal an bealach is éifeachtaí fós chun an nuacht faoin Sacred Space a scaipeadh. Tá an-luach fós ag moladh ó chara a bhfuil muinín agat as sa lá atá inniu ann, mar sin, cén fáth nach n-inseofá do chairde faoi Sacred Space, ionas go mbeidh siadsan in ann bheith linn ar líne freisin. Ná bíodh drogall ort sinn a lua i nuachtlitreacha an pharóiste, i mblaganna, ar chláir fógraí pobail agus sna nuachtáin áitiúla.

Scríobhaimid nuachtlitir dar teideal Latest Space ar féidir leat síntiús a ghlacadh leis anseo chun a bheith ar an eolas faoi cad atá ag tarlú ag Sacred Space. Seoltar é seo amach 4 huaire sa bhliain: An Carghas, an Cháisc, an Samhradh (Féile Naomh Iognáid Loyola ) agus an Aidbhint. Ná bíodh drogall ort an nuachtlitir seo a chur ar aghaidh chuig daoine eile a cheapann tú a mbeadh spéis acu ann.

Má úsáideann tú na Meáin Shóisialta is fusa fós an focal a chur in iúl agus do chairde a chur ar an eolas faoin Spás Naofa. Lean muid ar Facebook , Twitter , Instagram agus Pinterest agus roinn do thaithí phearsanta ar Spás Naofa le do chairde.

Guigh!

Ar cheann de na bealaí is tábhachtaí chun tacú linn, adnḋeantar dearmad air uaireanta, ná trí chumhacht do phaidir laethúil féin. Tá Sacred Space ann chun cabhrú le daoine teagmháil phearsanta a bheith acu le hÍosa trí nóiméad urnaí laethúil. Guímis go n-aithneodh níos mó daoine grá agus láithreacht Dé ina saol, cibé acu tríd Sacred Space nó ar mhodh éigin eile. Guímid go ligimis do Dhia sinn a úsáid chun a ghrá i gCríost a thabhairt dóibh siúd timpeall orainn.